School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(2) Tobar Bhricín i gCró-BhótháinTá an tobar san i móinfhéar le BeanUí Connmara. Baintreach is eadh í mar do bhadhadh a fear céile ag dul isteach go h-Oileán na Tragha (Shore Island) cúig bliadhna o shoin no mar sin. Bhí (?) aici darbh ainm "Coffey". Aon lá bhí sé sa mhóinfhéar na bhfuil an tobar beannuighthe ag deanamh a chuid oibre. Bhí sean tor inaice an dtobair agus do (?) sé é. Níl le neamh-shuim a dhéin sé an méid sin ach le dúil an móinféar do glanadh.An mhaidean 'na dhiaidh sin bhí (?) amach 'na chuid croiceun ó bhárr a chinn go bun a gcos. Cuireadh fios ar an ndochtuir. Do thug sé comhairle do fanamhaint sa leaba agus do dhein sé a dhicheall é do leigheas ach do theip air sin a dheanamh. Bhí sé (an (?)) sínte ar fhleasg (?) a dhroma ar feadh trí seachtmhain agus gan an leigheas da laighead air.Fé dheire do dhein a bhean machtnamh leí féin. Dubhairt sí go raghadh sí fé dhéin an tobair chun paidreacha a rádh ann agus chun a h-athcuinge a chur chun Dé go leigheasfadh sé a fear céile in onóir roimh an dtobair beannuighthe (Ní riabh fhios aici an t-am sin ainm an naoimh). Do dhein sí mar abhí ceapaithe aici agus do chuaidh sí fé dhein an dtobairAr mhaidean 'na dhiaidh sin bhí biseac ar an (?) agus ón lá sin amach bhí sé ag dul ibhfeabhas go dtí go raibh sé chomh mhaith agus a bhí sé riamh.(continues on next page)
- Informant
- Bean Uí Gharraí
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Occupation
- Siopadóir
- Address
- Killadysert, Co. Clare