School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(2) Tobar Bhricín i gCró BhótháinTá cáilín darbh ainm Áine Nic Cathasaigh ag teacht go dtí an scoil seo. Tá sí na comhnaidhe i Leac an Sionnac. Feirmeóir is eadh a h-athair. An bhliadhain seo (1938) thánaig sórt galair fúil uirthi. Leigheasadh é agus annsan thagadh sé tar nais arís.Fé dheire do chuaidh sí fé dhéin Tobair Bhricín i gCró-Bhótháin. Do nigh sí a súile ins an uisge in ainm na trionóide.Thánaig biseach ar na súilibh agus fé dheire d'imthigh an galar agus d'fhan sé imthighthe.
(3) Tobar Ruadháin i gCúigeIs fial agus is fáilteach na daoine abhí in Eirinn fadó. Cuireadh biadh-teach ar bun ar fuid na tíre chun bidh agus dighe a thabhairt in aisgidh do dhaoine bochta a bheadh ag taistil na tíre. Bhíodh píosa talmhan ag baint le gach aon biadh teach agus tugadh Cúige ar an gcúigmhadh cuid de.Tá Tobar Ruadháin suidhte sa bhaile fearthain seo. Tá leigheas ann i gcóir leanbhaí nach bhfuil an tsláinte go maith aca. Bíonn an t-uisge an fhuar ann fiú amhain i lár an t-Samhraidh. Caithtear an leanbh isteach san uisge ar bhreachadh an lae aon mhaidean Domhnaigh san mbliaidhin. Baintear geit as an leanbh nidh nach iongnadh agus má is é an bás atá indán dí gheibhean sí bás láithreach no ar an dtaobh eile de'n scéal tagann sláinte i neart uirthi agus fásann si suas mar cailín láidir.(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Gharraí
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Occupation
- Siopadóir
- Address
- Killadysert, Co. Clare