School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 268
- XML “Scéilín Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt fhear darb' ainm dóibh Seán Ua Cuaill agus Tadg na Tuinne ag dul go Maghchromdha ar aonach timpeall caogadh bliadhain ó shoin.Bhí bó an duine aca 'á thiomáint amach rómpa. Ag gabháil síos dóibh thainig ceithearnach mór ó'n dtaobh eile agus chuaidh sé isteach thar chlaidhe.I gcionn cúpla neómat tháinig sé amach airís agus d'imthigh sé leis. "Begor" arsa Tadg "cídhfead cad abhí aige sin i gcóir a bhreicfeast ar maidin.Siar leis agus isteach thar claidhe. Ní raibh sé abhfad istigh in-aon-chor agus rith sé chun cimeád suas le Seán.
"An bhfeacaís aon rud?" arsa Seán "Chonnaic" arsa Tadg.
"Cad abhí aige ar maidin más eadh?" ar seisean.
"Ó min ar fad abhí ann" arsa Tadg.Nuair a tháinig an dubh ar na prátaí dhein Tadhg na Tuinne an bhéarsa so:-
"Gráin agus tubaist ar an aicme
seo ár a ndíll
Táid ár gcrádh is ár milleadh ó thánadar chúghainn sa tír,
Ní'l ádh againn ná sonas ach osna
trí lár ár gcroidhe,
Go ruagaim thar chaladh an aicme
seo, Clann Sheáin Bhuidhe."- Informant
- Pádruig Ua Cuill
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupations
- Feirmeoir
- Saor
- Address
- Na Millíní, Co. Cork