School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 280
- XML “Cath Callan”
- XML “Ceist”
- XML “Sileachíní”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí cath mór thiar in aice Ínse Mór fadó idir na Gaedhil agus na Gearaltaigh. Marbhuigeadh triúr mac an rígh agus tá gortín na maca rígh mar ainm ar an áit ó shoin. Chuireadh iad in áit ar a nglaodhtar Cill bun abha. Marbhuigheadh mórán capaill ann agus tá "Inse na n-each" mar ainm ar an áit ó shoin i leith.
- Chuaidh triúr suas go dtí an teampall, níorbh fir, mná ná páistí iad, cad iad féin.
Freagra: Fear, bean agus páiste - Tá sileachaíní mar ainm ar baile fearainn anso. Áit iseadh é go raibh mórán saileach agus beithe ag fás ann. Bhí naonbhar fear 'na gcómhnaithe ann agus tig fé leith ag gach duine aca, agus bhídís ag déanamh barraillí de'n adhmad. Ní fhéadfadh aon fhear aca tig an duine eile a fheiscint ó na tig féin tríd an saileach agus an beithe. As an obair sin a tháinig an ainm ar an áit. Do leag na Sasanaig an t-adhmad go léir ansan agus bhídís ag déanamh "charcoal" ann. Bhí tig tabhairne ann an uair sin.