School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 344
- XML “Connie na bPucaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Oidhche amháin bhí Connie na bpúcaí mar ba ghnáth. Dubhairt na púcaí le Connie go mbéadh ana sport aca an oidhche sin, go raibh cailín deas le pósadh agus go rabhdar féin ag dul go dtí an bainnis agus go mbéarfaidís Connie leo agus go ngoidfidís an cailín deas dá b'fhéidir é. Ní fhéadfadh na púcaí é sin a dhéanamh mura mbéadh Críostaidhe éigin in-aon-fheacht leó agus sin é an cúis go rabhdar ag tabhairt Connie leo.
Níor theastuig ó Connie an cailín a ghoid in-aon-chor ach mar sin féin d'imthig sé leo. Shroiseadar an tig agus do dheineadar púca de agus chuadar in áirde ar na batáí snamdha. Bhí bórd mór fútha agus é lán de bhiadh anna breaghtha. Tháinig na daoine go léir isteach san seomra agus an cailín nua-phósta in-aon-fheacht leo. Bhí sop túighe ag ceann des na púcaí agus chuir sé suas srón an cailín é agus chuir sí sraoth aisti agus ní dubhairt aoinne Dia linn.
Dhein sé an rud céadna an tarna h-uair agus ní dubhairt aoinne Dia linn. Bhí a fhios ag Conchubhair dá ndéanfadh sé é an tríomhadh h-uair agus muna déarfadh aoinne "Dia linn" go bhféadfadh na púcaí í a bhreith leo. Dhein sé é an tríomhadh h-uair agus dubhairt Conchubhair féin Dia linn. Do tháinig fearg ar na púcaí agus chaitheadar síos é ar an mbórd ach níor bhris sé aon rud agus d'innis sé an sgéal de's na daoine agus bhí áthas an domhain ortha.- Informant
- Máire Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female