School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 341

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 341

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 341
  3. XML “An Triúr Mná Beaga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean 'na cómhuighe sa Carraig darb' ainm di Máire Ní Thuama. Théigheadh sí ag sgoruidheacht gach aon oidhche, agus bhíodh sé déanach nuair a bhíodh sí ag dul abhaile. An oidhche seo bhí sí ag teacht abhaile agus bhí sé ag déanamh amach ar a h-aon dhéag a clog.
    Nuair a tháinig sí chun na croise chun iompódh síos abhaile chonnaic sí an bhean 'na seasamh annsan. D'aithin sí í mar bean ab' eadh í abhí marbh le cúpla bliadhain roimis sin. Do tháinig eagla uirthi agus do rith sí isteach abhaile. Pé cuma 'nar fhéach sí amach an fuinneoig do bhí an bhean 'na seasamh ansan airís.
    Rith sí suas an staighre agus isteach san leabaidh léi. Bhí a tuairim aici cad a thug an bhean san ann mar bhí gaol léir breoidte san tig in aice leo. Cúpla oidhche 'na dhiaidh san chuireadh Máire Ní Thuama agus bean eile siar timpall dhá mhíle ó'n gcarraig 'á innsint dho ghaolta na mná breoidthe go raibh sí ag fághail bháis. Nuair a bhíodar ag teacht thar-n-ais tháinig triúr ban beaga ó's a gcómhair amach. Ní rabhdar ach timpeall dhá troig ar aoirde agus bhí áprúin bána ortha. Bhíodar ag siubhal amach ar an gcasán rómpa go dtí go dtánadar go dtí an séipéal agus ansan d'imthigheadr as a radharch.
    Nuair a shroiseadar an tig bhí an bhean marbh rómpa agus fuaireadar amach go bhfuair sí bás díreach nuair a tháinig an triur ó's a gcómhair amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Uí Shúilleabháin
    Gender
    Female