School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean de Mhuinntir Loinghsigh na cómhnuidhe i gCluain Droichead timpall fiche bliadhain ó shoin. Bhí inghean aici agus Siobhán ab' ainm dí. Bhíodh Siobán in aoin-fheacht leis na púcaí. Do bhíodh sí i gcómhnaidhe in aice na teine agus í ag caint leis na daoine maithe.
Dá dtagadh aon stroinséar go dtí an tig agus dá ndéarfaidís "conus tá'n tú a Shiobhán?" déarfadh sí "Á táim go maith" agus ghlaodhadh sí as a ainm agus as a shloinne é bíodh is ná feaca sí riamh é ach chaithfeadh sé é sin á rád léi ar dtúis.
Bhí bean bréoite i dtig in aice leis. Bhí sí go h-olc agus ní raibh aon seans go mairfeadh sí. Théigheadh máthair Shiobhán gach lá chun an bhean san d'fheiscint. An lá so d'iarr Siobhán uirthi an leigfeadh sí di dul in-aon-fheacht léi agus do leig. Nuair a chuadar isteach go dtí an seomra d'fhéach sí ar an gcailín ach ní dubhairt sí pioc.
Nuair a bhíodar ag fágaint an tíghe dubhairt sí dá mbail le muinntir ag tíghe an leabaidh a iompáil agus é a bheith ag dul i bhfad an tíghe in inead bheith ag dul treasnna. Do iompuig muinntir an tíghe an leabaidh i dtreo go raibh a ceann san áit 'na raibh a cosa cheana agus a cosa san áit 'na raibh a ceann agus ó'n lá san amach bhí sí ag dul i bhfeabhas agus do mhair sí. B'shin piseóg a bhíos ag na sean-daoine.- Informant
- Máire Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female