School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 391

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 391

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 391
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Do bhí beirt shagart ann uair.

    Do bhí beirt shagart ann uair. Do buaileadh duine aca breoite. Do chuir an sagart eile clóca mná air agus chuaidh sé á fheiscint. Bhí bean sa paróiste agus Máire Gulferí a b'ainm dí. Nuair a chuaidh an sagart isteach san seomra dubhairt sé mar seo : -
    "Mise Máire Gulferí
    Mise Máire Gulferí
    Mise Máire Gulferí
    Inghean an ceannuidhe súgaig
    Ach bhí an sagart ró-mhaith dhó mar dubhairt sé leis mar seo : -
    "An Máire thú nó minister
    atá a d'iarraidh mise a dhaoradh
    Is go ndéarfainn sé seacht n-aifrinn
    Chun t-anam-sa a shaoradh".
    Dubhairt an sagart eile mar seo:-
    "Ní Máire mé ná minister
    Ach sagart óg a tháinig
    Ag éisteacht led' pheacaí-se
    Sar a ngeobhair ó's cómhair an Árd - rígh. "
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish