School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 376
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Na Seacht n-Aingil is sine ...”
(1)Na seacht n-aingil is sine
Na seacht n-aingil is órtha
Na seacht n-aingil is mó cómhacht
i gCathair na Glóire
Ár saoradh is ár sabháil is ag breith ár n-anam go Cathair na Glóire.In Ainm an Athar srl.An té a déarfaidh an paidir seo trí uaire roim dul a chodladh adeirtear ná déanfaidh sé peaca coidhce agus ní raghaidh a anam go h-ifreann.
(2)An taidhbhreammh a deineadh do Pól
Isé ag dul go Róimh na Reamh
D'innis Pól do Críost é
agus dubhairt Críost gur mhaith
Breith Muire agus a Mic ar árd-adhramh
Nimh ár n-aisling ar ár naimhde
Sinn féin agus ár ndaoine go maithRoimh dul a chodhladh adeirtear é seo leis agus tá an buadh céadna ag gabháil leis.
(3)An ad' codhladh ataoí a mháthair?
Ag aisling ort atáim a mhic
Cadí an aisling í a mháthair
Go bhfeacha fear fada caol dubh,(continues on next page)