School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 350
- XML “Na Beacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair abhí caisleán Cill Átha á' dhéanamh do bhí na saoir ag lorg fola agus gruaige chun measgadh leis an martaol mar b'shin nós a bhíodh aca fadó chun an martaol a dhéanamh láidir. Tháinig sluagh fear go Baile-Mhúirne chun beithihig a thóaint leo chun fuil agus gruaig d'fhághail uatha. Bhí Naomh Gobnait i mBaile-Mhúirne an uair sin agus nuair a airig sí go raibh an dream ag teacht chun an creach a thóaint dubhairt sí léi féin go stopfadh sí iad.Bhí mórán beach aca agus do dhein sí saighdiúir de gach beach aca. Do bhíodar bailighthe le chéile i bpáirc atá ar an dtaobh thiar de'n Muilleann ar an dtaobh dheas de'n t-Suláin. Tháinig dream na creiche ar an dtaobh clé. Ciar leis an dá dream go dtí gur shroiseadar Cúm na n-Éag.Do rith dream na creiche suas an cnoc san áit 'na ghlaodhan siad Muing an t-Sáruighthe air. Tháinig saighdiúirí Naoimh Gobnatan suas leo ansan agus thógadar an creach uatha. Tá Muing an t-Sáruighthe mar ainm ar an áit ó shoin.De rith an aon capall déag abhí ag muinntir Cill Átha síos tar faill mór atá in aice Muing an t-Sáruighthe agus siné an cúis go bhfuil Eisg na gCapall mar ainm ar an áit ó shoinl B'éigin do mhuinntir Cill Átha dul abhaile gan na beithidhig agus tháínig na saighdiúirí thar-nais go dtí Naomh Gobnait agus do dhein sí beacha díobh airís.""Tá bhéarsa a bhaineann leis seo i leathanach 46."
- Informant
- Siobhán Bean Uí Luasaigh
- Gender
- Female