School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'Sé seo an paidir adubhairt an Maighdean Glórmhar nuair a chuaidh sí go dtí an tuamba an trímhadh lae agus fuair sí folamh é. An sgéaluliocht an ainm atá air, agus seó é:"Sidí an sgéalúliocht bheannuighthe d'fhág an Maighdean Glórmhar sgríobhtha ar lic an tuamba ar a h-aisling óna tháinig sí ag fiosrúghadh a mic agus a mór-grádh féin. Nuair a fuair sí an tuamba folamh roimpe do sgríg sí go fóirithe 'á innsint t go fóirithe dhúinn an té a onórfadh í an té a thógfadh í an té a cimeadfadh í nár bhaoghal do bás anoban, breoiteacht mhór, báthadh farraige ná arm teine ná an tig go mbéadh sí ann go bráth. Mná óga d'oirfeadh sé go ró mhór 'á adhradh 'na timpal, a bhanríoghna ró-ghlórmhar na mísleacht is na neart, féd' comairce bheannuighthe, cuirim m'anam is mo chorp chughat go h-umhal, fós im' smaointe fós im' gniomhartha ag doras teampall Dé is le congnamh na sláinte agus bráthair chreideamh is do bhunús na seirbhíse agus obair na trócaire. Guidhim chughat go h-umhal gan sinne a thréigint in aimsir foghridheach an bás mar a sgarfaidh ár n-anam le colainn againn i bhfiadhnaise do mhic agus do mhór-ghrádha féin grádh na Muire beannuighthe le 'na congnamh sin go mbeimíd ar dheis an athar síorraidhe.
In ainm an Athar agus an mhic agus irl.- Informant
- Siobhán Bean Uí Luasaigh
- Gender
- Female