School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 269
- XML “Scéilín Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt driothár de Mhuinntir Thuama i mBaile Mhúirne timpeall dachad bliadhain ó shoin. Buaileadh duine aca breóite agus bhíodh an fear ag tabhairt aire dho. Aon lá amháin bhí sé 'na shuidhe ar cnaist na leabtan ag tabhairt aire dho agus dhein an fear sa leabaidh bradhm ana mhór.Léim an fear eile ó'n leabaidh agus dubhairt sé mar seo:-A dhriothár a chara ná bíodh ort-sa mairg,
Ach sgrígh síos an aisling seo ar fuaimit,
Ach ba mhaith liom do thamhaill tú a dhruideamhaint ó'n leabaidh,
Nó án [?] gcnaiste so, go gcuirfir
Do pholl randail chun suaimhnis. "Is mó tig i mBlá Cliath,
Is mó sliabh ar beagán bó,
Is mó fear dubh ag eirighe liath,
Is is mó croidhe fial ar beagán stór."- Informant
- Pádruig Ua Cuill
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupations
- Feirmeoir
- Saor
- Address
- Na Millíní, Co. Cork