School: Mín Árd
- Location:
- An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
- Teacher: Ml. Ó Caomháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Árd
- XML Page 250
- XML “Baile Fearann - Min Aird Thoir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)uamhain (fá thalamh) ag rith ó cheann go ceann díobh. Ní ínnstear aon scéal mar gheall ortha, ach ní bhaineann aoinne leo. Log-na -gCapall----ar theorainn Mináird Thoir. Lios ana bheag atá anseo. Cuma cruinn ar nós an chuid eile. Baile-na-Saor: Lios in aice an bhóthair atá ag rith ó Mináird Thoir go dtí an Bóthar mór. Glaodhtar "Lios an Fhámaire" ar an gceann seo. Tá sé ar thalamh Sheáin Uí Ghairbhiadh. Tá Gleann mór doimhin ar an dtaobh thoir theas de, agus ar an dtaobh eile de'n ghleann tá mhór árd. "Leabaidh an Fhámaire" a ghlaodhtar ar an bpáirc seo. Tá rian nó clais mhór sa pháirc agus deirtear gurbh ann a chodluigheadh fear mór a bhí ar theicheadh ós na saighdiúirí Gallda tráth. Deirtear go léightí Aifrionn sa lios in aimsir na bPéin Dlighthe agus go bhfuair na saighdiúirí gaoth an fhocail lá. Chualadar go mbeadh an "Fámaire" ag dul go dtí an t-Aifrionn agus gurbh fhuirist é aithint mar go raibh sé i bhfad níos aoirde ná aon fhear eile. D'fhaireadar ó pháirc an Fhámaire, agus díreach agus é ag dul isteach sa lios do chaitheadar fá le saighead is bogha agus mharbhuigheadar é.