Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 783
- XML “Buailín an Chrú”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sagart sa pharóiste seo fadó gurab é ainm a thugadh na paróisteanaigh air ná Seán bráthair Ó Chonchubhair. Maidin Dé Luain bhí sé á bheárradh féin agus thuig sé nár cheart é dhéanamh Dé Luain.
Lá ar na máireach cuaidh sé cun faoisdin agus d'innis sé do'n sagart gur bheárr sé é féin Dé Luain agus cheap sé nár cheart é dhéanamh an lá san. Ní thabharfadh an tsagart aspolóid dó mar gheall ar géilleadh do phiseóga seana mná. Chuir an sagart é go dtí Cill Áirne a triall ar an Easbog. Ní thabharfadh seisean aspolóid ach cómh beag agus chuir sé go dtí an Árd Easbog é. B'é an sgéul céadna é ag an Árd Easbog agus chuir seisean é go dtí an Papa san Roimh. Seadh, d'innis sé a sgéul do'n Phápa. Dubhairt seisean leis dul ar a lóisdín go dtí an maidin agus teacht tar nais lá ar na máireach. Nuair a chuaidh sé a'triall ar an bPápa d'órduigh seisean dó dul amach sa gháirdín agus gach aon nídh a chífeadh sé é thabhairt fé ndeara go maith agus an t- iongantas ba mhó a chífeadh sé é innsint dó féin nuair a thiocfadh sé isteach. Níor thug sé ionghantas ba mhó ar aon nídh ná ar nead a chonnaic sé go raibh seacht gcinn d'uibhe innte -(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Dhúbhda
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus de hÓra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí