Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 799

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 799

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 799
  3. XML “Scéalta Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a phós Thadhg Ua Súilleabháin Brìd Ní Loíngsigh do cheap sé go raibh sonúchar maith aige acht fé ceann tamaill do fuair sé amach go raibh dearmhad déanta aige. Ní raibh aon tairbhe innte cun aon obair a dhéanamh acht dubhairt sé go gcaithfidh sé cur suas léi. Bhí sé ag obair ar feadh an tSamhraidh agus an Fhoghmhair acht nuair a tháinig Mí na Samhna do mharbh sé much ramhair agus do chuir sé salann uirthe agus do chuir sé síos ins an soitheac í. Do chuir sé salann ar feircín ime cómh maith. Dubhairt sé le Bríd iad san a fhágaint annsan i gcóir "sgriobh liath an Earraigh". Lá'r na mbáireach do chuaidh Tadhgh go dtí an aonach. Ní raibh sé ibhfad imthighthe nuair a tháinig fear mór go dtí an tig. Do bhí capall agus cairt aige. "An bhfuil Tadhgh istig" arsa sé. Tá sé imthighthe go dtí an aonach" arsa Bríd. "Airiú tá mo thuras sa in aistear orm is baoghal ach dubhairt Tadhgh liom teacht agus an lón a breith liom. Sin é an lón maith a bhíonn ag fear an tighe seo i gcomhnuidhe". "Airiú" arsa Bríd , "cad é an ainm atá ort nó cad as a tháinig? " "Sgíobh liath an Earraigh a thugann siad orm a bhean mhaith". "Airiú an tusa Sgríobh liath an Earraigh. Tá lón mór anso id chóir a dhuine uasail . Tá soitheac feóla agus feircín ime agus paca plúir ann cómh maith; agus féach tá céad púnt anso sa bhosca do bhí Tadhgh a ' coimeád id chóir." Do thóg sé leis an lón agus an céad púnt agus d'imthigh sé air cun bóthar.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    AT1541: For the Long Winter
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ua Concúbhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Fhaiche, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ua Concúbhair
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    An Fhaiche, Co. Chiarraí