Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an droc-shaoghal bhí fear in aice Cuas a' Bhodaig in áit darab ainm Baile Uí Churráin. Bhí bean agus triúr clainne aige agus bhí an saoghal an-cruaidh air. Bhailibh sé síos amac an dtuath agus níor stad sé go dtí go raibh sé i lár Éireann igConndae Chill Dara.Sa tráthnóna cuaidh sé isteach idtig fheirmeora agus lorg sé loísdín agus fuair sé é. Bhíodar ag seancus feadh na h-oidhche agus d'fhiafruigh an feirmeoir de cá raibh sé a' dul nó cá raibh a chúram. Dubhairt an fear bocht gur feirmeoir bheag é agus gur chaith sé a áit d'fháaint le cruadhtan a' tsaoghail. Dubhairt an feirmeoir go dtógfadh sé ar aimsir é go ceann bliadhna agus go dtabharfadh sé cúig púint dó indeire na h-aimsire sin. "Tá mé sásta" ars an fear bocht.Nuair a bhí an bliadhan caithte cheap an fear bocht go raghadh sé abhaile cun a mhnaoi agus a chlainn d'fheiscint ach dubhairt an feirmeoir go dtabharfadh sé cómhairle do'n cúig púint dó sara n-imeóthadh sé. Bhía an fear bocht sásta agus isé comhairle a thug an fear eile do: "gan fanacht go brách idtig á bheadh fear críon agus bean óg." Tabhairfidh mé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál O' Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Fhaiche, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig O' Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- An Fhaiche, Co. Chiarraí