Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 861

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 861

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 861
  3. XML “Luibheanna”
  4. XML “Luibheanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Liochán. Luibh nimhe é seo, sé an dath atá air ná uaithne, cuma cruínn atá ar an nduilleóig atá air. Tá leigheas ann leis do aon rud a bheadh ataithe. Bíonn sé ag fás ar fallaí.
    An Neanntóg - Cuirtear é féin agus salainn idteannta céile agus cuirtear iad mar leigheas do aon cneadh nó créacht.
    An Cupóg. Leigeas maith do rud a bheadh dóíghte iseadh an cupóg.
    An Eicneach. Deirtear go bhfuil sé ana mhaith cun bainne thabhairt dos na ba.
    An Caisearbhán tugtaí é dos na ba is na muca len ithe fadó.
    An buachallán buidhe, fuilig, breamiar: luibheanna dógbhála a fhásann i gcobáiste iseadh iad so.
    An Samhadh - Deintí eadaighe do dhatugadh leis fadó dath glas atá air
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Muircheartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mullach Bhéal, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Muircheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    47
    Seoladh
    Mullach Bhéal, Co. Chiarraí
  2. Fásann an fuilig ar iomaraí na prátaí; piocann na daoine é agus tugann siad do's na ba é.
    Slánlas tá sé ana mhaith cun fuil do stopadh
    h-eicneach fásann sé ar na faill agus itheann na gabhair é.
    Fásann muinsgath, puirseach bhuidhe agus bramuídhear ar thalamh bocht

    Caisearbhán. Duine a bheadh lámh tinn aige agus nuair a cneasóchadh sé, chimiléochadh sé súgha an caisearbháin dó cun an croiceann do thúbhairt don dath ceart.

    Samhadh Féarna. Tá sé ana mhaith do dhuine a bheadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.