Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 934
- XML “Scéalta Crábhaidh”
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá dá raibh Naomh Muire agus Naomh Seósamh agus Íosa ag dul ó Jerualam go Éigift bhí biorán ag Muire ag coiméad a clócha mór timceall uirthí agus do chaill sí é. Bhí sí á lorg ar feadh tamaill agus do chulaidh sí cainnt. D'fhéuch sí na timcheall agus connaic sí spideóg agus an bioran na béal. Deirtear go bhfuil an spideóg beannuighthe ó shoin.
- Bailitheoir
- Gerard Ua Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Fhaiche, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán D. Ua Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- An Fhaiche, Co. Chiarraí
- Nuair a bhí Íosa Críost, an Maighdean, Muire, agus Naomh Seósamh ag rith o hErod, aon lá amháin ní raibh Íosa agus a mháthair ac tamall beag roimh an namhaid nuair cé casadh leis an namhaid ac an Cúrlún. D'fhiafúigheadar den curlúin an bfheaca sé a leithéid seo ag gabhail an bóthair agus dubhairt an curliún go bfheaca agus stúiraig sé a mhalairt bóthair iad, agus cuir san aistir mór ortha, cé go raibh Íosa ana, comhngarac dóibh an am a bhíodar ag caint leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)