Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 816
- XML “Daoine Cáiliúla”
- XML “Daione Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seisreach capaill á tharaing ag dul san am céadhna ó Daingean go Traighlí leis na leitreacha. Cuir na daoine a bhí sa chairt geall leis an fear eile go sroicfeadh siad an Camp roimis. Bhídís ag caitheamh pingní ar an mbóthar cun moill a chur air act níor dhein sé an gnó dóibh. Bhí sé sa Camp rómpa.3) Bhí fear i Lios dar ab ainm dó Tomás Cúráin agus bhí sé ábalta eirighe as an dtalamh agus mála mine treasna a cuirp.4) Bhí fear eile i Lios dar ab ainm dó Mhíceál Ó Ruairc agus bhí sé ábalta dá leath céádmeáchain d'árdugha suas len a dhá lúidín.
Maitias Ua Dúbhda
Baile na Leacan - Bhí fear láidir i mBaile Dhuínn dar ab ainm Micheál Ua Gráinne. Do cuireadh sé fiche cloc mine isteach i gcairt ó's cíonn ráíleach ó'n dtalamh gan aon triobolóíd. Bhí driathár aige agus bhí sé thall i gCaisleán lá. Do conaic sé sgata d'fhearaibh óga idiarraidh cloch áírithe d'árdú. Ní fhéadfadh aoine aca é dhéanamh acht fear amháin dar ab ainm Seóns Burns. Bhí Pádraig Ua Gráinne ag féachaint ortha agus dúbhairt sé: "Tá driatháír agamsa age baile agus ba bheag an nath dó é sin a cuir ináirde." Dubhairt an fear a chuir ináirde é ná fhéádfadh aon fhear é d'árdú ach é féin. Dúbhairt Padraig leis go dtabharfadh sé sé fear aníár ó Bhrandán an Domhnach a bhí chúcha. Cuaidh sé abhaile agus nuair a tháinig an Domhnach do cuaidh sé féíni agus a driathár go dtí an áit 'na raibh an chloch. Nuair a conaic siad an bheirt ag teacht do thosnuigheadar ag magadh fútha cuaidh Mícheál go dtí an cloch agus chuir sé ó's chíónn a chinn é. Tháinig náíre ortha go léír agus d'imthigeadar ó'n áít gan mhoill.
Máirtín Ó Concúbhair
Fatha- Bailitheoir
- Máirtín O' Concúbhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Fhaiche, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Padraig O' Conchúbhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- An Fhaiche, Co. Chiarraí