Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 903
- XML “An Chuigeann”
- XML “An Chuigeann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl aon meadar againn anois cun ím do dhéanamh ac bairille. Nuair a táthar ag déanamh cuiginne scóltar an bairille ar dtúis le uisge beirbhithe agus nuair a bhíonn sé scóltha go maith caithtear uisge fuar isteach cun an bairille do furaradh. Nuair a bhíonn an tuisge go léir amach as an bairille, caithtear an tuachtar isteach agus spúinóg salainn agus cúpla púint uisge fuar. Annsan castar an bairille ar feadh timcheall uair a chluig. Má bhíonn an aimsear go bréagh castar an bairille go bog réidh, agus má bhíonn an aimsear fuar castar é go tapaigh. Má thagann éinne isteach nuair a bhítear go déanamh na cuiginne, ní leagfí amach é muna gcasadh sé an bairille ar eagla go dtógfhadh sé an tím leis. Nuair a bhíonn an cuigeann déanta gheibheann gac éinne ins an tig deoch de'n bláthach.
- Bailitheoir
- Seán Ua Murcadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Micheál Ua Murcadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Le meidir a dheinidís an tím fadó. Bhí an meadar leathan ag a bhun agus caol ag a bharr. Bhíodh bata mór istig ins an(leanann ar an chéad leathanach eile)