Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 830

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 830

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 830
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. San inid is mó a phósann na daoine annso. Cúpla seachtmhain roimh pósadh cailín agus féar óg deintear cleamhnas, sé sin le rádh ceist an spré do shocarughadh agus má éirigheann leó réitigheann siad lá an phósta agus rudaí mar sin. Tugtar airgead mar spré annso de réir an seilbh. Téigheann an lámhna ar "mí na meala" tráthnóna lá pósta. Nuair a thagann siad abhaile is gnáth oidhche mór spóirt a bheith i dtig an cailín in a mbíonn múintear an lámhna. Tá sé mar piseóg sa paróiste seo: nuair a phósann beirt Mairt na hInide ní théigheann an cailín go dtí a bhaile dhúthcais go dtí an Casg, mar deirtear dá dtéigheadh sí go mbéadh mífhortún aici as san amach. Gúnai gorma is mó a caitheann na cailíní ag pósadh sa cheanntar seo. Dath liath (slinne) is mó a chaithidís fadó. Nuair bhíodh an beirt a bhíodh cun pósadh ag teacht go dtí an t-séipéal fadó thagadh cóisre mór fada de fir ag marcaidheaht ar capallaibh agus a mná ar an dtaobh thiar díobh. Nuair a bhíodh an oidhche spóirt aca thagadh "buachaillí tuighe" de gnáth cun an tig cun bídh agus díghe d'fhághailt. Sé an fáth go tugtaí an ainm sin ortha, ná go mbíodh siad gléasta le culaithe tuighe agus agaidhthe ortha I dtreó is ná aithneóchfaí iad.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ceallacháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Clochán, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ua Ceallacháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Seoladh
    An Clochán, Co. Chiarraí