Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 843
- XML “Leigheasanna”
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)deineann líon dubháin fhalla an fuil do stopadh leis. Cuirtear usige a bheadh istigh i gcloc air feadh tamaill maith igcoinnibh gart a bheadh ar do láimh nó ar do cois. Cuirtear siúcre agus gallúnac i gcoinnibh naoscóidhe. Tá plannda ann ar a glaodhtar gearlic, agus dá níosthá é gan é bheiriú, tá sé ana haith cun casacthach.
- Anbhruith girrghidh tugtar do daoine go mbhíonn Fiabhras aca. Slánlus a cuirtear le méar géarrtha nó le cois gearrtha cun fuil do stopadh. Géibhtear tobach agus deintear é bhrúghadh go maith go dtí go mbíonn sé ar nós brúscar agus é mheascaite le siúcre cuirtear isteach i súil caoire a bheadh dall. An cloch a bhíonn istigh i bhfód móna deintear é do bheiriú agus nuair a bhíonn sé beirighthe cuirtear an ambhruith a bhíonn fághtha isteach in ártach éigin é agus deintear é mheascaithe le uisge aoil agus tugtar do dhaoine go mbhíonn meningitus aca. Deintear líon dubháin alla do meascaithe le turpen tine agus cuirtear le láimh a bhíonn ataithe.
- Bailitheoir
- Gerárd Ua Concúbhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Fhaiche, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séan Ua Conchubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- An Fhaiche, Co. Chiarraí