Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 861
- XML “Luibheanna”
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Liochán. Luibh nimhe é seo, sé an dath atá air ná uaithne, cuma cruínn atá ar an nduilleóig atá air. Tá leigheas ann leis do aon rud a bheadh ataithe. Bíonn sé ag fás ar fallaí.An Neanntóg - Cuirtear é féin agus salainn idteannta céile agus cuirtear iad mar leigheas do aon cneadh nó créacht.An Cupóg. Leigeas maith do rud a bheadh dóíghte iseadh an cupóg. An Eicneach. Deirtear go bhfuil sé ana mhaith cun bainne thabhairt dos na ba.An Caisearbhán tugtaí é dos na ba is na muca len ithe fadó.An buachallán buidhe, fuilig, breamiar: luibheanna dógbhála a fhásann i gcobáiste iseadh iad so.An Samhadh - Deintí eadaighe do dhatugadh leis fadó dath glas atá air
- Fásann an fuilig ar iomaraí na prátaí; piocann na daoine é agus tugann siad do's na ba é.Slánlas tá sé ana mhaith cun fuil do stopadhh-eicneach fásann sé ar na faill agus itheann na gabhair é.Fásann muinsgath, puirseach bhuidhe agus bramuídhear ar thalamh bocht
Caisearbhán. Duine a bheadh lámh tinn aige agus nuair a cneasóchadh sé, chimiléochadh sé súgha an caisearbháin dó cun an croiceann do thúbhairt don dath ceart.
Samhadh Féarna. Tá sé ana mhaith do dhuine a bheadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Rócháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lios na mBóbhán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus Ághas
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Lios na mBóbhán, Co. Chiarraí