Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 833
- XML “Pósaithe”
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dá bpósadh cailín Mairt na hInide agus muna thagfadh sí tharnais go dtí a tig féín an lá san ní thiocfadh sí tharnais go ceann seact seactmhain an Cargáois. Deirtear dá bpósadh éinne de Luain bheadh mí ádh aige ar feadh na bliadna.
- Bailitheoir
- Diarmuid Ó Dúbhda
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus de h-Óra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí
- Do bhíodh ana Inid ann fadó seacas anois. Ar dtúis do théigeadh fear éigin speisialta go dtí an Sagart cun a rádh leis an lá pósta agus théigeadh fear eile ar fúid na h-áite ag tabhairt cuiridh do na daoine teacht go dtí an pósadh. Annsan thaghadh beirt nó triúr des na cailíní nó beirt no triúr des na fir. Cuireadh ceann des na cailíní mórán airgid suas agus dá mbeadh athair agus máthair an fhir sásta pósfaidhe iad agus muna mbeadh ní pófaidhe iad in-aon-cor. Cúpla lá roimh an posadh do bhíodh trí cínn deag caoire marbh aca nó níos mó.