Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 881
- XML “Féilí na Bliana”
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Lá Naoimh Seáín. Bíonn na garsúin go léir ana gnóthach ag dul ó thig go tig ag bailiú cúpla fód móna cun an teine cnámh do dheánamh. Nuair a bíonn an teine deánta súidhenn gach éinne mór timcheall uirthe agus bíonn siad ag insint sgéíl agus ag amránuíocht.
Lá le Máírtín: Mairbhightear caora nó gé i gcóír an laé seo.Oidhche Shamhna. Oidhche mór spóirt iseadh Oidhche Shamhna. Bíonn úbhla agus cnóite in gach tig. Bíónn cluiche á imirt leis na h-úbhla agus na cnóíte. Sé an cluiche is mó a imirtear leis na h-ubhla ná ubhall do cur isteacht i dtobán uisge, agus an duine a thabharfadh amach an t-ubhall len a bheál geóbhadh sé é.Maitias Dúbhda
Baile na Leacan - Oidhche Nodlag: sé sin an oidhche roimh lá Nodlag. Lastar coingheall ar gach fhuinneóíg an oidhche sin.Lá le Stoipán. Téigheann na buachaillí óga agus na fir óga ó thig go tig leis an dreóilín ag bailiú airgid. Bíonn dhá scata díobh ann, na fir óga i ndream leó féín agus na garsúin indream eile. Bíonn láir bhán agus gléus ceóil aca.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Mhuircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mullach Bhéal, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Mhuircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47
- Seoladh
- Mullach Bhéal, Co. Chiarraí