Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 010

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 010

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 010
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is mó duine go bhfuil easnamh airgid air agus deirtear go bhfuil mórán dhe i bhfolac fé sceich ghil i bhFuircéill. Do chómnuig fear ann fadó agus oidhche amháin do bhuail bean sídhe isteach chuige agus dubhairt sí "Tá truagh agam duit i dtaobh tú bheith cómh bocht agus an t-airgead go léir a bheith chómh gar duit" Tá sceach-geal ag fás sa gháirdín sin thuas agus téighir ann le h-eirighe gréine amáireach. Tabhair leat rán agus bain amach an chloc atá fé bhun an chrainn. Coimeád do shúile ar do chuid oibhre i gcomhnuidhe. I gcionn tamaill tiocfaidh gadhairín beag donn amach as an bpoll. Do dhéin an fear amhlaidh agus ní raibh sé a bhfad ag cuardach nuair a léím an gadhairín amach chuige. Nách deas an gadhairín tusa ar seisean. Ní deise mé ná an gadhairin atá laistir díot, arsan gadhairín. D'feach an fear mórthímpeall agus ní fheaca sé aon nídh. Nuair d'feach sé ar a chuid oibhre arís ní raibh an acht scairt drisleach. Deirtear go thrial sé go minic ina dhiaidh sin, acht do theip air
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní hUardail
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Míceál Ua Uarrdail
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    53
    Seoladh
    Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí