Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 014

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 014

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 014
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé 'na chónaí i gCura-Chaol dhá mhíle thoir thuaidh ó Gleann-Garbh. Bhí much breágh ramhar aige agus aon lá amháin thóg sé í go dtí an aonach i mBeanntraighe. Dhíol sé an mhuc agus fuair sé cúig púnt deich uirthe. Ansin chuaidh sé isteach i dtig tábhairne agus d'ól sé braon. Do dhein sé rud éigin as an slighe agus chúala na Gárdaí é. Ní fhéadach sé dul abhaile mar bhí na Gárdaí ar a thóir.
    Bhí sé ag caint le Siúinéir agus dubhairt an Siúinéir leis go raibh cómhra déanta aige agus go raibh beirt fhear 'ghá tabhairt isteach "cúpla míle ó'n gCathair." Cad ba ghád dom an chómhra arsan fear. "Ó arsan Siúnéir "cuirfead tusa isteach ann agus cuirfa an clúdach air. Tá go maith arsan fear. Annsan tháinig na fir agus capall agus cairt acu. Do chuir an Siúinéír an fear isteach sa chómhrainn i ngan fhios agus do chuireadear isteach sa chairt é. Do ghlúais an chapall go dtí go raibh sé míle go leith nó mar sin. Annsan do thug an fear a bhí istig sa chómhrainn buille don clúdac agus do liúig sé. Do rith an beirt fhear mar cheapdar gur sprid a bhí ann. Tháining an fear amach as an chómhrainn agus do thiomáin sé an chapall go dtí Gleann Garbh agus d'fhág sé an chapall ansann agus do rith sé abhaile.
    Fuaireas é seo ó m'athair Séamus Ua Maighamhna
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Béarla
    Faisnéiseoir
    Séamus Ua Mathghamhna
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    57
    Seoladh
    An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí