Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 022
- XML “Na Bearta Crua”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bearta cruadha do réidhteach
IV
Do tabhairfinn ór le cur it' chófra do dhéanfadh [?] let' shaoghal duit.
Do ceannóghainn clóca sa tsiopa nódh dhuit féirín ró dheas 's craobh air.
Do seinnfinn ceól duit le linn do phósta nár chuadhlais ag aon fhear.
Is do gheóbhainn a uanach gach ní dá ndubhairt ach mo bhearta cruadha do réidhteach.
V
Do gheóbhair an fáinne thug Fionn sa tsnámh leis le cur gach lá in do mhéir uaim.
'S an cochall draoidheachta do bhí ag an t-sídhbhean thug groidhe ó'n gréig leis.
Gheóbhair an brat síoda bhí casta tímcheall ag teacht thar tuinn an héiliún
Agus geóbhair a stuaire gach ní dá ndubhairt leat ach mo bhearta cruadha do réidhteach
VI
Gheobhair láir bhán Domhnaill nár gcaileas fés duit
Ná h-iarrfaidh lón ná féar ort
Do greastaidh bóthar go greanta córach mar a bheadh scamail céoidh ar thaobh cnuic.
'S an lon-dubh ceólmhar ón gcairraig crón-dubh agus [?] mór na ngaortha
Is do gheóbhair a stuaire. gach ní dá ndubhairt leat(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Concúbhair Ua Uaithne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 37
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí