Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 063
- XML “Daoine Cáiliúla”
- XML “Duine Cáiliúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean timcheall na h-áite seo fado. Bean mór láidir ab'eadh í. Bhí a hainm in áirde i gcóír ámhránuidheacht agus rinnce. Síghle Ní Liá ab ainm di. Do théigheadh sí mór thimhcheall Beantraighe ar Cúlóg capaill. Bíodh gac aóínne ag iaraidh uirthi teacht ag sguráidheacht mar bean ana mhaith ab'eadh í chun chaitheamh aimsire a dhéanamh. Nuair a théigheadh sí isteach i dtig an céad rud a dhéanadh sí ná buon rinnce a dheanam mór thimcheall an tighe.
- Bhí fear in a chómhnúidhe i mbarr Caolangalán in Eadragabhail fadó. Tadhg na Cluaise a b'ainm dó. Sé an slighe bheatha a bhí aige ná ag comáint muc go dtí an aonach, agus ag tabhairt an airgead abhaile. Do bhíodh mórán gabhar ag na daoine an úair sin, dhá marbhúghadh. Do geibheadh síad airgid maith ar na croiceanibh. Do bhíodh Tadhg na Cluaise ag dul mórthimpeall ag bailiúghadh na gcroiceann agus ag tabhairt go dtí Beantraighe ar a dhrom iad chun íad do dhíol, agus an t-airgead a thabhairt abhaile chun na daoine. Fear óg do b'eadh é an úair sin. D'iarr fear air, cioca(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Sean Ua Súileabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí