Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 086
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Bhí fear agus bean ann fadó agus bhíodar ana bhocht agus chuaidh an feear go tír eile ag cuilleamh dó féin”
Bhí fear agus bean ann fadó agus bhíodar ana bhocht agus chuaidh an fear go tír eile ag tuilleamh dó féin. Tháinig sé lá amháin agus ní raibh aithine ag éinne air. Bhí a bhean ag nígheacháin núair a tháinig sé. Chúaidh sé isteach chun a mháthar agus d'íaraid sé di cá raibh a bhean. Chúaidh sé go dtí an abha, an ait 'na raibh a bhean, agus labhair sí de mar seo.Ní ormsa ba cómhra do streó cuir i bhfad.
Bhí agam nóchair do óig fhear deas
Ní fheadar nách beó beadh mo stór ag teacht.
Cár imthig sé uaith do shúaic fear deas.
Go luigheann a chú cómh dtlúgh sinn leat.
Chúaidh sé anonn is ba chúis fé ndear
Bhí a chroidhe ró mhór is a bhfustal ró lag.
Is a phlúr ró ghann chun é thabhairt tar-nais.
II
A chuimín mhall is a chúimín óg
Druid anall agus tabhair dom póg
Ceanghallaidh liom tú go bog óg.
Is ar mhnáibh na Múmhan is tú mo stóir.
III
De bheath-sa sláinte a h-áird fhir óig.
Cuirim-se go h-árd céad faillthe rómhat
Le barraí mo dhá láimh le grádh is le póg idir do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peig Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Ní Loinnsig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí