Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 132

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 132

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 132
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus dubhairt sé go gcaithfidh sé dul abhaile. Chuaidh beirt nó trúir acu in aonfheacht leis an sagart agus an fear óg a bhí tar-éis pósta. Chun dul abhaile bhí sé ortha dul ar bhád. Ní rabhadar abhfad ar an bhfairge nuair d'eirig an stoirm. Do thríaladar chun teacht thar-nais ac do theip ortha, agus do bádadh gach aon ceann acu. Do bhí cúpla bád eile ag íosgaracht. Do chonnacadar an bád in ndainséir agus do chuadar 'na threó, ach sar a bhíodar chuacha do bhíodar bháidhte. Ní raibh fhios acu cad é an bád a bhí ann, go dtí gur thánadar tarnais. Chonnacadar daoine na cósaire agus an bhean óg ar an dtráig ag fheiteamh leo. Is annsin a bhí fhíos acu ce hé a bhí báidhte. Do bhí ana buart agus brón ar an mnaoi óg nuair a chuala sí an scéal. Annsan do chuam sí amhrán ar an dtraig. Seo mar a thosnúigheann sí é.
    Baintreabhach is Maighdean a dhein Dia dhíom ar dtús mo h-óige.
    Mar a cualadhsa daoine mar a bádhadh mo ghein stórse.
    Dá mbeinse mo chuid is toidhche, is dá líonta bheith i dtreó liom.
    D'íarrain focal duit-se a Mhic O Reilly go teigheasann mo bhrón dom.
    Seachthmhain is lá amáireach.
    Bhí an tráig seo lán dearg.
    Do bhí sagart ann agus bráthar.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Shúileabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Seán Uá Shúileabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    46
    Seoladh
    Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí