Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 153
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Má théigheann dealg draighin dubh isteach id chois tairigóchadh teanga an madaruaidh amach é agus núair a bheireann daoine ar madaruadh coiméadann siad a theanga i gcóir leighis. Ainmhídhe ana bheag iseadh an firéad agus tá sé ana mhaith chun coiníní do mharbhú. Tá leigheas ar an truich i bhfuighleac an firéid. Ainmhídhe ana mhaith iseadh an cat mar maruigheann sé luic agus franncaig. Tá leigheas do theine Dia i fuil cat duibh agus má slíobann sé dóightéan tá leigheas ann. Má bheireadh gadhar ar dhuine deirtear go leigheasach feól luich é.Leigheasann seanán a bhíonn mór-thímpeall préamh an chupóig béal tinn. Tá leigheas in eadhnáin i gcóir ceann tinn. Tá glúineach áirthe ann agus tá leigheas do chois tinn inte. Rud ana mhaith iseadh an los mór mar tairigheann sé aon ní a bhíonn tinn. Fadó beiróchadh daoine stúimpí cabáiste agus d'óltí an t-uisce mar leigheas ar na breitínig. Tá leigheas sa chré a bhíonn fé chrann sceach geal do dhuine leicneach. Tá piast go glaodhtar Piast caorach, air agus cuireadh na daoine fadó isteach i sparán agus cuiradís fé'n na mhuinéal é mar leigheas ar an truich.Deireadh daoine fadó aon ní dearadh fear a bheadh ag marcuighacht ar capall bán go leigheasach sé an truich. Aon lá amháin d'iarraigh bean do fhear capail bán cad é an leigeas ar an dtruich agus dúbhairt sé "Mórán don meig agus beagán don gcruth" Tá meig go maith do'n truic." Tá leigheas eile ar an dtruic ar grúaig an seachtú mac. Deirtí aoinne go mbeadh blúire don grúaig aige ná tógadh sé an truic.
- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séan Ó Suileabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí