Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 155
- XML “Leigheasanna”
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Nuair a bheadh dealg i gcois nó i lámh duine dá gcuirfí teanga an mhadra ruaidh leis do tharraingeóchadh sé an dealg amach. Da gcimileócadh duine an t-eascru luachrach dá theangan agus í na bheathaigh do bheadh a theangain gorm 'na dhiaidh acht d'imthigeochadh an gorm as an dteangain nuair a níghfí go maith í. Bheadh leigheas dóigteán i dteangain an duine sin acht í chimilt do'n dóighteán. Tá leigheas do'n triuch i bhfuighleach an firéad.
Do thugtí crúsca mór bainne chun firéad agus nuair a bheadh a dhoithin ólta aige do thugtí an fuighleach chun leanbhaí go mbhíodh an triuch acu. Seo leigheas eile a dheintí do'n triuch, cuirtí daradéal isteach i mbhuidéal agus cuirtí an corc air. De réir mar a bheadh an daradéal ag fághail bháis bheadh an triuch ag imtheacht. Rud eile cuirtí péistín caorach isteach i sparáinín fé mhuineál an pháiste go mbhíodh an triuch aige agus nuair a gheobhadh an péistín bás bheadh an triuch imthighthe. Leigheas eile do'n triuch iseadh cupáiníní triucha, siad san rudaí bheaga bána a bhíonn ag fás an na carraigreacha iad san do bheirughadh i mbhainne agus iad a thabhairt le n-ól dóib. Sé an leigheas do gheibhidís fadó do ghearra na slándas(leanann ar an chéad leathanach eile)