School: Doire an Chairn (roll number 12976)
- Location:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Teacher: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire an Chairn
- XML Page 157
- XML “Leigheasanna”
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mac a dá h-abhann air. An té a bhíonn chun an leigheas sin d'fághail ní ceart aon ní d'insint doibh mar geall ar an leigheas agus ba cheart an plannda bheiriughadh amuigh cun aon mhaitheas a dheanamh de'n galar. Deireann na sean-duine go bhfuil leigeas do phian san cré atá thimpeall préamh an sceach geal. Is mar seo a dheinidis é. Do bheireadh síad an cré, agus sgagach síad é agus d'óladh an duine go m-bhiodh an pian aca. Sin leigheas de'n phian. Do dheinidis leis, plástar de galúnach agus siucre chun rudaí do leigheas
- Is mó ainmhidhthe fiadhain atá ann agus tá leigheas ar an gcuid is mo achu. Bíonn ana leigheas ag aoinne a dheineann dhá leath de'n eascúluachrach le na bhéal agus é chimilt le na theangain. Do leigheasfadh an duine sin gach aoinne a dóighfeadh a lámha nó achos. Bhí fear ann fadó agus dhein sé dhá leath de'n eascúluachrach le na bhéal agus nuair adóighfeadh aoinne a lámh raghadh siad chuige agus cuimiluigheadh sé an dóightean le na theanghain agus ní bhíodh aon phian eile air. Séamus Thaidhg Fhinghín Crosta, Gleann Garbh. an ainm atá air agus tá sé na bheathaidh fós.
- Collector
- Criostóir Ua Urdail
- Gender
- Male
- Address
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
- Informant
- Peig Bean Ní Úrdail
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Address
- Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí