Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 159
- XML “Na Rudaí atá le Fáil ar an dTráigh”
- XML “Na Rudaí atá le Fáil ar an dTráigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá mórán rudaí ag fas sa tráig mar an feamanach agus tá leigheas ann do rud ataithe. Tá triopán agus míobhán ag fás in áit garbh agus ní bhíonn sé le fághail aon tam eile acht san t-samhradh agus itheann na daoine é leis. Tríd an míobhán a bhíonn an ceanndonn agus an griobhán agus is féidir glóthaig a dhéanamh do'n griobhán.
Tá na bárnaig agus na píceán ag fás fé'n féamanach agus tá saghas éirc istig ionnta agus is féidir iad d'ithe. Tá trí saghas pícheán ann mar pícéan donn, pícheán bán agus píceán capail. Bíonn clúaisíní agus rúacail san gainimh agus is féidir iad d'fhaghail san gainim in dhiaidh stoirm.
Tá leigheas san uisce sáile do scornach tinn agus do chos ataithe. Bíonn an portán san fheamanach agus bíonn na cún-mara ins na lochaín agus tá deiligní tríd agus dá raghadh aon ceann aca id láimh nó id cois ní fruiste é d'fághail amach. - Tá leigheas do'n réim ins an sáile agus ins an feamanach dubh agus tá siad go maith leis do mhuca go mbeadh na crampaí ionnta. Tá carrigín go maith do'n slaighdeán agus do dhaoine a bheadh lag cun iad do reartaithe. Tá miomhán go maith do pháistí go mbhead piastí ionnta. É tiormúghadh agus é bheirúghadh agus an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Cruadhlaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Liathchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Micheál Ua Cruadhlaoich
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46