Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 254](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0282%2FCBES_0282_254.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 254
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 254
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Feaduigheal is d'oidhche no rinnce sa ló
Má dheineann tú amhlaidh beidh púcaí id chóir"
"Fearthainn do laogh agus gaoth do shearrach."
"An áit na mbionn deatach bionn teine
An áit na mbionn teine bionn teas
An áit na mbionn teas bionn mná
Is an áit na mná bionn geab."
"Ceann dubh ar gach maidin Earraig agus earball sionnaig as san [?]amach
"Ceallacan fada agus easba na mbróg
Deineann sean-duine d'fhear a bionn óg."
"Obair na mbeach, inntleacht mná, teacht is imeacht na taoide
trí rud nách féidir le Arístotle a thuisgint"
"Goid ó ghaduidhe, goid gan peacaí."
"Colpa cuill, buailtheán cuilinn,
Úrlar lom agus aon phonann."
Ná mol fear go bhfuighidh sé bás is na mol lá go dtí a dheire.- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua hÚrdail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí