Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 257

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 257

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 257
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Castar na muillte le h-uisge
    Is castar na luingeas le stiúradh
    Castar na cuirp ar an roillig
    Is casfadsa feasta ar mo dhútaig."
    "Tabhartas Uí Briain is a dhá shúil na dhiadh."
    "Sé an duine an t-eudach."
    Trí saoghal capaill sin saoghal marcaig
    "Trí saoghal marcaig sin saoghal fiolair
    Trí saoghal fiolair sin saoghal daire
    Trí saoghal daire sin saoghal iomaire críche
    Trí saoghal iomaire Críche sin deire an dhomhain "
    "Ní mar fheuchann an long a shnámhann sí"
    "Bionn cosa cruadha ar chapaill iasachta"
    Is leithide an bhualach a sataltar ar.
    Moladh gach aoine an táth mar a gheobhaidh.
    Lá le Bríghde na shaoire ar casaoibh.
    Gáire gan éifeacht, gáire go léir leis.
    Coirce cuaiche na prátaí tradhna
    Aimsigheann an dall a bheul.
    Nuair a bhionn cuigionn ag an gcat is minic é ar a tuairisg.
    Ní feóil putóg is ní biadh bainne.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge