Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí capall ráis i mBearra fadó agus ana chapall ab eadh é. Uair dá raibh ráiseanna i Magh Ealla do ghleas a mháighistir é agus thug sé go Magh Ealla é i gcóir na ráiseanna. Caobach ab ainim don chapall agus do bhuaidh sé an rás. Annsan do deineadh amrán na thaob.
Ná cuiríd sibh breag ar an gCaobach ó Bhearra.
Go dtug sé siúd srian leis
Is pláta na dhiaidh
Ins na ráiseanna treun a bhí i Magh Ealla.
Do bhí seana capall san áit seo fadó agus bhí sé ana chrosta. Do thugadh a mháighistir go Aifrionn gach Domhnach é agus cheangaluigheadh sé é ar thaobh an bhóthair. Ní leigeadh an capall d'aoinne gábháil thairis gan caitheamh leis.
Aon Domnach amháin tháinig fear ana láidir an treó agus do rug sé ar dhá chois deirig an capaill agus do choimeád sé greim daingean ortha go dtí go raibh gach aoinne imthighthe go Aifrionn agus do dhein sé an rud ceudhna nuair a bhí na daoine ag dul abhaile.- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua h-Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí