Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acu dho chun é bhreith go Portláirge leis. Chuaidh gach aoinne abhaile annsan agus aoinne a thug sintiús ana shásta leis fein i dtaobh an ghnímh fóghanta a bhí deunta aige. Chuaidh muinntir goi léir, ach fear an tighe amháin, na gcodhladh agus bá ghearr go raibh Eoghainín ag sranntartaig ar réi-leabaidh cois na teineadh. Bhí an oidhche ag stealladh báistighe amuich agus cad a dhein fear an tighe acht cóta-mor an bhacaig a chur air agus dul amach agus cúrsa cúig míle a chur de. Bhí an cóta-mor cómh fliuch agus dá mbádhfaí san abhainn é. Nuair tháinig fear a tighe abhaile do croch sé an cóta san áit na bhfuair sé é agus chuaidh a chodhladh. Ar eirighe do mhnaoi an tighe ar maidin chonnaic sí an cóta agus é goiléir fliuch agus d'fhiafruigh sé de Eoghan cá raibh sé ar feadh na hoidhche gur fliuchadh chómh mor san é. Dubhairt seisean go raibh sé thios i bPortláirge gur glaodadh go hobann air chun dul ann mar go raibh fear in easnamh i bhfuirinn na ndaoine maith agus go raibh ar fein seasamh i mbáire. Dubhairt sé lei leis gur dhiol sé go macánta an tairgead a tugadh aréir do. Ar chlos san do fhear an tighe a bhí ag teacht anuas an staighre an uair ceadna tháinig tocht feirge air agus geallaim na fheacathas riamh Eoghainín timcheall an bhaill seo ó shoin.
Fuarathas ó: Pádruig Ua hÚrdail, Mullean Mor- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua hÚrdail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Muileann Mór, Co. Chorcaí