Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 305

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 305

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 305
  3. XML “Sprid Céim a Diubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    305
    ... deirig an chloch go heasga agus cad a bheadh fúithe ná próca breagh óir buidhe. "Seadh 'nois" ar sise "a bhfuileanntú sásta?"
    "Cuir do dhá láimh air agus tóg seilbh de agus cuir an leac na luighe arís mar a bhí sí."
    Shiubhal an bhean ansann go cuinne an gháirdín agus dubhairt leis an buachaill poll eile a dheunamh ansann. Do dhein agus bé an sceul ceadna arís é acht go raibh a dhá oiread óir sa tarna próca. D'fhiafruigh sí dhe arís a raibh sé sásta agus geallaimse duit gur bé do bhí.
    "Anois" ar sise tá gach nídh ar fheabhas an domhain acht dá dtógfainnse biadh no deoch uaitse ó chianaibh cuirfí sa tseilbh ceudna arís agus bheinn im sprid arís."
    "Anois" arsan bhean "Táim ana bhuidheach diot agus tá gach nídh dá fheabhas saolghalta agat. Níl aon rud le deunamh agat anois acht an slabhra so im timcheall do scaoileadh." Do dhein.
    Ní túisge a dhein na gur eitil sí na cholúr glégeal san aer uaidh. D'imthigh sí as a radharc siar ó thuaidh i dtreo Gugáin Barra.
    Fuarthas ó: Dhiarmuid Ua Caochlaí (100bl)
    Snámh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ua Caochlaí
    Inscne
    Fireann
    Aois
    100
    Seoladh
    Snámh, Co. Chorcaí