Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)

Suíomh:
Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Conchobhar Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 318

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0282, Leathanach 318

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Com Sheóla (B)
  2. XML Leathanach 318
  3. XML “Piseoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An ceud lá a raghfá ag cur scioltán dá mbeadh cuid acu gan cur agat nior cheart iad a thabhairt isteach abhaile leat acht iad a thabhairt dos na buaib no do ainmhidhthe eigin.
    Ní ceart aon talamh do dhearga Aoine a Cheasadh. Deireadh na sean-daoine, "Aoine an Cheusad na saoire ar casaoíbh"
    Ní ceart dul isteach doras le ramhain, le píce no le sluasaid ar do ghualainn.
    Ní ceart treabhadh nó romhar i gcoinnibh na críche.
    Sa tseana shaoghal do thugadh gach feirmeóir a dhá oiread bídh do gach ainmhidhe Oidhche Nodlag agus Oidhche an Dothain Mhóir.
    Má fágtar aon chuid de iomair gan siol a chur ann nuair a bhídhtear ag cur garradihe beidh ana mhí adh ar an té a dhein an dearmhad. Siol dearmhad a tugtaí air.
    Oidhche lel Seáin lasann fear-a-tighe scathán mor aitinn agus teidheann tríd an garraidhe leis agus imeasg na mbó leis chun mí adh na bliadhna a choimeád uatha.
    Má thugann tú bainne do dhuine agus é fhaghail thar nais arís uaidh ní beidh aon rath ort.
    Má thugann duine tabharthas bláthaighe chughat is ceart duit rud éigin a chur san ártach follamh nuair a bíonn sé ag fágaint do thighse.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge