Scoil: Com Sheóla (B) (uimhir rolla 15646)
- Suíomh:
- Cill Mochomóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Com Sheóla (B)
- XML Leathanach 330
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí duine-uasal ann uair agus fuair sé dhá shaor-chloch seanduine agus a mhac, chun tig a thógaint do. De Mhuinntir Ruairc iad. Dheineadar obair bhreagh do'n duine uasal agus nuair bhí an tig a chríochnú suas acu bhí gach aoinne a mholadh agus a rádh na raibh a leithéid eile de tig le faghail in aon bhall.
Bhí an duine uasal agus a chlann ana mhorálach as a gcaisleán nuadh agus is amhlaidh bhí eagla orta go ndheineadh an bheirt saor chloc tig cómh maith leis no bfheidir ní bfhearr ná é do chómharsain eigin eile. Bé an rud ar a bheartuigheadar ná an mac a chur chun báis, bhí fhios acu na feudfadh an tathair aon rud foghanta a dheunamh na aonar. Agus an mac taréis an buille deirinneach a bhualadh ar barr simné cad a dhein an duine uasal agus mhac leis acht a scaphel a thógaint ón dtig. D'fhágadar an fear bocht dhá lá agus da oidhche anáirde agus gan aon bhreith aige ar theacht anuas. Maidin an tríú lá bhí buachaill símplí ag gabhail thar an dtig agus chonnaic se an fear anáirde. Do chuir an fear shuas a sceul in iúil don amadán. Ar chlos an scéil do labhair an buachaill símplí mar seo.Muise greadadh ort is duairc
A Sheáin Óig Uí Ruairc
Nách fhusa dhuit seacht glocha chur anuas
Ná cloch amháin a chur suas. Thuig an fear shuas é agus seo ag caitheamh na gcloch anuas. Geallaim dhuit gur gairid go raibh an scaphel anáirde arís.- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ua Caochlaí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 100
- Seoladh
- Snámh, Co. Chorcaí