Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá trí tobar beannuighthe ins an Oileán seo. Seo iad iad :"Tobar Isleamáin" atá suidhte thíos ingar do'n Mhuirbheac igclaidhe Gainimhe. Tá tobar Chinn Dheirge suidhte ó dheas do'n bhothar nuair a bheifeá ag dul go dtí an slip. Tá tobar cheannach suidhte imbuaile ó dheas do'n reilig. Tá tobar Isleamáin ainmighthe mar gheall ar naomh Isleamáin. Deirtear go raibh tart ar an naomh fadó agus go ndeacha sé ag ól deoch uisge as an tobar agus nuair a chuaidh sé dhá ól b'éigean dó a dhul ar a dhá ghlúin agus chuir sé a dhá láimh amach uaidh. Nuair a bhí deoch ólta aige d'éirigh sé aníos slán acht d'fan lorg a dhá ghluin agus a dhá láimh ann agus tá siad le feiceál ann go dtí an lá indiu. Ní thugann aon duine aon turas air aon uair anois ná fadó acht an oiread. Tá tobar Chinn Dheirge suidhte ó dheas do'n séipeal. Tá tobar ann agus tá cróin beag le na ais atá chomh fada le fear(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micil Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann