Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 07_002](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0002C%2FCBES_0002C_07%2FCBES_0002C_07_002.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 07_002
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d) Deirtear nuair a bhionn 'muca mara le feiceál sa bhfairrge go mbhíonn droch aimsear air agus deirtear nuair a bhíonn toran aice go mbhíonn gála agus báisteach air.
e) Nuair a bhíos gaoth andheas bhíonn báisteach air agus nuair a bíos an néalta dubha sa spéír bíonn báisteach air.
g) Nuair a bhíos an cat ag an teine agus a chúl leí bhíonn droch-uair air agus nuair bhíos an madadh ag ithe féir bíonn báisteach air. Nuair a taghann na géabha fiadáine ón na sléibhte conamara agus ó sléibthe Connda Clár agus nuair téigheann siad ó dheas deirtear go mbíonn uair bréag le teacht, agus nuair a téigheann siad ón thuaidh deirtear go mbíonn droch uair air. Deirtear nuair a bhíonn na fáinnleóga ag eitilt ós isil ag béireadh ar na feithidí bíonn báisteach air. Deirtear nuair a bhíos an silmuidhe ag snámh ar an talamh deirtear go mbhíonn báisteach air, agus na suigáin a bhíos sgiatán ortha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Fháthartaigh
- Inscne
- Baineann