School: Gleann Calraighe (roll number 15864)
- Location:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Nóra Ní Riagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Calraighe
- XML Page 1
- XML “Béaloideas - Scéalta”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí beirt mná in Eirris fadó. Chuaidh siad go Béal-Átha-Fheadha ag ceannuigh lín. Peggie Ní Chuinn agus Bríghid Ní Glucán an t-ainim a bhí uirri. Ní fhaca siad gráinne té ariamh, acht chualaidh siad cainnt air. Nuair a bhí siad i mBéal-Átha-Fheadha deir siad gur gheobhaidh siad dínnear té. Chuaidh siad isteach i dteach agus dubhairt siad le bean an tighe púnta té d'fhághail dóibh. Cuir siad an púnta té síos i bpota mór agus nuair a bhí an té bruithte fuair siad báisin agus choinnig sí na duilleóga ann, agus do mheasg sí na duilleoga agus siúcra le chéile. Annsin fuair siad dhá spúneog agus d'ith siad a ndinnear. Nuair a shroich siad a mbaile, deir siad gur d'ith siad dínnear breágh té, agus bhí sé an dheas.
- Collector
- Pádraich Ó hÉilidhe
- Gender
- Male
- Address
- Sraith Lathaí, Co. Mayo
- Informant
- Sean Ó hEilidhe
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Sraith Lathaí, Co. Mayo
- Fadó ó shoin nuair a bhí an drochsaoghal ann bhí na ruballach ag dul ó áit go(continues on next page)