School: Gleann Calraighe (roll number 15864)

Location:
Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
Teacher:
Nóra Ní Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 129

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 129

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Calraighe
  2. XML Page 129
  3. XML “Nósanna a Chleachtaítear Anseo Nuair a Bhíonns Tórramh sa Teach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1) Cuirtear an corp o's cionn cláir annseo ach in áiteacha eile mar shampla ibparóiste Cill Teine ní cuirtear an corp o's cionn cláir cor ar bith. Sé a déantar, tréis an corp a nighe cuirtear an aibíd air; annsin cuirtear sa comhrainnn láthreach é agus fágtar an clúdach gan cur ar an gcomhrainn. Fágtar an chomhra ar dhá chathaoir annsin agus lastar coinnlí beannuighthe.
    2) An Paidrín
    (1) Deirtear an Coroin Mhuire nuair a bhíonns an duine ag séalughadh
    (2) Nuair a bhíonns an duine dá chur ós cionn cláir
    (3) Nuair a bhíonns an duine curtha sa comhrainn
    (4) Nuair a cuirtear an clár ar an gcomhrainn
    (5) Díreach sara tosuightear ar an socraid
    (6) Gach oidhche den torramh ag meadhon oidhche ag ag breachadh an lae

    3) An Clog
    Stoptar an clog nuair a gheibheann duine bás
    4) An Cat
    Cuirtear an ruaig ar an gcat. Ní leigtear isteach sa teach é go n-imthigheann an socraid
    5) An Caoineadh
    Díreach tar éis báis
    Díreach tar éis an pháidrín nuair a cuirtear an corp ós cionn cláir; tar éis uimhir a 3, 4, 5, thuas agus an uair a thigeanns aon ghaol an marbháin isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish