School: Gleann Calraighe (roll number 15864)

Location:
Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
Teacher:
Nóra Ní Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 11

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 11

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Calraighe
  2. XML Page 11
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leis. Cén áit an bhfuil tú ag dul. Chuir an fear a láimh ina bpoca agus thóg sé amach an meidh airgid a bhí aige, an fhaid a tóghfadh an t-airgead seo mé arsa an fear. Tá go maith arsa an maighistír. Chuaidh an fear isteach san tréan, agus nuair a bhí an tréan ag imtheacht Thosuigh an fear ag osnaighil, agus shíl sé go raibh an talamh ag dul thart, agus go raibh sé suas san aer. Bhí sagairt san tréan, agus dubhairt sé tuige an bhfuil tú ag osnaighil. Ó cá bhfuil mé ag dul ar sise. Tá tú ag dul síos go h-Ifreann arsa an sagairt. Is cuma liom, mar tá tichead fileadh agam ar sise.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí triúr daoine uasail ina sheasamh ar sráid Londún lá éigin, sagairt, dochtúir agus Ministeár gallda. Chonnaic siad Éireannach ag teacht chucha aníos ar tsráid. "Cuirfidh mé aighneas ar Phádraich" arsa an Ministéar. "Scaoil leat" arsan Sagairt. "Ní leighfidh" arsa an Ministéar. Beannuigh sé do Phásráich, agus deir sé, "Ar chuala tú an sgéal nua", "Níor chuala" arsa Pádraich chén sgéal é. Fuair an diabhal bás ar seisean. "Ní maith liom do trioblóid" arsa Padraic, agus bhain sé dhe a hata, agus shiubhail sé thart ar na daoine. Cuir siad airgead san hata. Thug sé dón Ministear é. "Ce'n fáth a ndeara
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Padraic Ó Mhoráin
    Gender
    Male