School: Gleann Calraighe (roll number 15864)

Location:
Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mayo
Teacher:
Nóra Ní Riagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 44

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0139, Page 44

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gleann Calraighe
  2. XML Page 44
  3. XML “Bia na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní dhéarnadh na daoine arán as an plúr bán ins an sean-aimsear. Rinne na daoine an t-arán as an cruithneacht agus as an min-coirce go mór mhór as an mhin-coirce.
    Bhíodh na daoine á' mheilead an gráinne sa mbaile san am fadó. Mheilidís an gráinne le na bróinte a bhíodh aca chun na h-oibre san am fadó. Níl morán aca san áit seo anois agus n'íl siad ag obair leis na cinn sin. Bhíodh poll innthi (?) chun an coirce a leigeant síos. Tá ceann le fághail ag geata Séan O h-Éilidhe in-aice leis an scoil.
    San am fadó deantaí arán speisialta, mar cáca min-coirce do na daoine a bhíódh ag dul go Meiricá, mar ní raibh aon t-arán d'én tsaghas sin i Meiricá.
    Déanamh na daoine fadó arán as na prátaí darbh ainm bocstí, agus go dtí an lá seo déantar é i n-áiteanna agus bíónn sé go h-an dheas ar fad. Seo é an chaoi a ndéantar é. Níghtear na fataí dhá uair ar dtúis agus tógtar na súile amach asta. Annsin scríóbhtear iad le scriobadóir. Annsin tógtar an t-uisge
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Languages
    Irish
    English