School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dán diada - Gol na dTrí MuireGol na dtrí Muire ag bodhradh an lae,
ag an tumba cloiche i n-áit ar síneadh a ngrádh.
Thainnic an t-aingeal le solus a's sághaid
Le sgeula annsar Muire fá Dhia na ngrás.Bhí an Mhaighdean Muire ag siubhal ar an tsráid,
ag cruinniughadh na fola a's badh furas dá 'fhághail.
Seacht m-anam thú a thaisgidh, níl mo leanbh le fághail,
Ó, a Dia, a bhean bheannuighthe níl ann acht fuil chnáimh.Deán fóighid a mháthair a's fulaing go géar,
mar shluaighte na bhflaithis ó tchídfhidh tú mé,
Tchidhfidh tú Peadar a's tchídhfidh tú Pól,
Tchídfidh tú Conall as tcidhfidh tú Eóin.Tcídhfidh tú na flaitheas a's aingle go leór,
mar dtréagfidh tú an peacadh ní bhfuighidh tú an ghlóir.
............
.............
Is peacach bocht mise, chuaidh i dtréas ar Dhia,
Le smaointigh mallaighthe, le glorthaí béil.
ma rinne tusa an peacadh 'tá mór le léigheadh,
Ó, éirigh ar maidín agus tarraing go géar.(continues on next page)- Informant
- Áine Ní Fíoruisge
- Gender
- Female