School: Gort an Choirce
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easboic
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 154
- XML “Gaiscíocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- GaisgidheachtBhí fear darbh ainm Seán Mac Fhionnlaoich ina chomhnuidhe i nGort-an-Choirce agus bá ghnathach leis cuid mhór carraireacht a dheánamh. Chuaidh sé soir go céidh Bhaile -an-Easa lá, le lód mine a thabhairt anoir go teach Mhic Pháidín. Bhí braon 'san ghrágán aige agus nuair a bhí sé ag dul suas staghaire an t-siopa le mála dhá chéad mine, baineadh triusluighadh de agus thuit an mála anuas go bun an sthaghaire.
Chuaidh an t-aos óg a bhí na seasaimh thart a gháraidhe, agus chuir seo fearg mhór ar Sheán.
Thóg sé an mála ar a dhruim, bheir sé ar cheann eile d'én tseórt cheadhna, chuir faoí na eascaill é, agus rith sé suas an staghaire leis.
Chuaidh Seán Ó Dubhcháin as an Árdaigh, síos na trágha lá fá choinne lód leathaighe. Chuir sé suas lód trom, agus bhí oiread méádhchoin ann is gur bhris an rotha nuair a bhí sé ag teacht 'na bhaile. Chaith sé ináirde ar mhullach an lóid é, agus choinnigh sé fhéin suas taobh d'é'n charr gur shroich sé an baile.(continues on next page)- Informant
- Séamus Mac Giolla Easpuig
- Gender
- Male
- Occupation
- Príomhoide